Nuair a d’fhág sí an scoil thosaigh sí ag obair sa mhonarcha i gCroithlí, chaith sí 5 bliana ag obair ansin ag déanamh babógaí. 7 scilling augs 6 pingin an pá a thosaigh sí leis. Fuair sí rothar di féin, bhí taisteal fada le déanamh aici. Bhíodh sí ag obair ó 9 a chlog go dtí 5.45 i.n. Bhí dúil aici ag obair ansin, bhí am breá aici. Choinnigh sí babóg agus tá sé aici go fóill.